Scipeáil chuig ábhar

Opening 13 November 2021

'1845: Memento Mori' le Paula Stokes

Saorchead isteach

1845: Memento Mori, blown and sandblasted glass, 2021. Photo: Ian Lewis

Bain lán na súl de shuiteán fíorálainn gloine leis an ealaíontóir Éireannach Paula Stokes atá bunaithe in Seattle, atá ar taispeáint anois ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.

Taispeántas 1,845 práta gloine a séideadh de lámh i gcuimhne ar Ghorta Mór na hÉireann atá i gceist le 1845: Memento Mori.  Ghlac sé 15 bliana ar an ealaíontóir an taispeántas a chríochnú agus tá sé ar taispeáint anois i Leabharlann an Tiarna Talún ag Teach Pháirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh.

Déantar tagairt i dteideal an tionscadail don bhliain a bhain dúchan na bprátaí Éire amach, ag tús tréimhse ina raibh ocras, galar agus eisimirce ann go forleathan fairsing.

Déanfaidh Liam Ó Maonlaí an taispeántas a oscailt go hoifigiúil i Leabharlann an Tiarna Talún ag Teach Pháirc an Turlaigh an 13 Samhain 2021.

Ball na linne seo de Dhiaspóra na hÉireann í Stokes agus déanann sí machnamh ar a stair féin mar inimirceach chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla a mhúnlaigh an t-am i láthair. Chuir sí tús freisin le plé ar conas is féidir le daoine foghlaim ón am atá imithe tharainn, agus tá súil aici, agus amhlaidh á dhéanamh, machnamh atruach a spreagadh a sháraíonn polaitíocht deighilte ár linne.

Osclaíodh 1845: Memento Mori i dtosach ag Teach Pháirc Bhéal na mBuillí i gContae Ros Comáin i mBealtaine 2021 agus bhí sé ar taispeáint ó shin i leith ag Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin i gContae Loch Garman agus i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá i gContae Thír Eoghain.

Beidh sé ar taispeáint ag Teach Pháirc an Turlaigh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe ón 13 Samhain go dtí an 13 lúil 2022. Is féidir eolas breise a fháil faoi 1845: Memento Mori anseo. 


Eolas ar Ghorta Mór na hÉireann

Tugadh faoi deara tamaillín sular bhuail an Gorta Mór Éire gur phrátaí sa tríú cuid de chothú laethúil an daonra, ar a laghad. Measadh gur itheadh idir seacht agus cúig phunt déag prátaí sa lá, ‘a itheadh ar maidin, ar uair an mheán lae agus istoíche.[1]

Tugann an ríomh simplí seo cur chuige coiteanna le fios i leith scéal Ghorta Mór na hÉireann. Go bunúsach, is scéal é a insítear, a mhúintear agus a thuigtear trí uimhreacha. Tugtar eolas inár réamheolas tosaigh ar na blianta inar chuir sé an tír faoi chois ar dtús, 1845-1850. Luaitear blianta éagsúla, amanna – thosaigh an Gorta bliain níos déanaí, thosaigh sé bliain níos luaithe nó tháinig deireadh leis bliain níos déanaí. Ach faoi mar a dúirt Ó Gráda, ní raibh ‘tús soiléir ná deireadh soiléir’[2] ag an nGorta.

Léirítear tromchúise figiúirí faiteacha in ábhair eile a léigh mé ina dhiaidh sin a bhí le sonrú sa tréimhse thubaisteach seo. Meastar gurb ionann an méid daoine a fuair bás de bharr ‘fiabhras, ocras agus an fhuacht’ agus beagán de bhreis ar aon mhilliún duine.[3] 

Chuaigh milliún duine eile ar imirce – agus d’éalaigh go leor daoine dálaí uafásacha, ach chuir seo le nós a bhí ann roimhe sin ina rachadh go leor daoine eile ar imirce freisin sna blianta ina dhiaidh sin.[4]

Is féidir go leor figiúirí eile a chur leis na figiúirí seo; díshealbhuithe; fostaíocht i scéimeanna faoisimh oibre poiblí; athruithe ar ghabháltais talún talmhaíochta; iad siúd a thug aghaidh ar thithe na mbocht nó a beathaíodh sna tithe anraith, i measc go leor rudaí eile.[5]

Is minic go ligtear scéal an duine aonair i ndearmad i dtáblaí agus i dtábluithe. Is gruama scanrúil do na figiúirí agus is deacair freagairt cheart mhothúchánach a spreagadh bunaithe orthu. Is mó an tuiscint atá againn anois ná mar a bhí againn roimhe seo, ach b’fhéidir nach mó an ionbhá atá orainn. D’imir Gorta Mór na hÉireann tionchar trom i measc gach aicme den tsochaí ach ba mhó a bhí na bochtáin agus daoine gan léamh ná scríobh (ar minic gur chainteoirí Gaeilge iad), agus iad siúd a raibh na hacmhainní ba lú acu lena scéalta féin a fhágáil, thíos leis.[6] Is minic gur sholáthair tríú páirtithe, taifid oifigiúla agus an ghlúin ina dhiaidh sin na cuntais atá againn ar an bhfulaingt.

Lorgaímid tuiscint a fháil ar na cúiseanna agus na húdair a bhí le heachtra a bhí chomh cuimsitheach le Gorta Mór na hÉireann, ach ar fhreagairt níos daonna freisin. Rinneadh trácht ar an uaillmhian seo roimhe seo.[7] Thug dearcadh amháin le tuiscint nach n-aimseofaí é seo i scríbhneoireacht staraithe ach sna freagairtí cruthaitheacha don Ghorta.[8] D’fhéadfaí teacht ar shamplaí den fhreagairt seo san iomaí foirm ealaíne. Léirítear gnéithe d’eispéireas Ghorta Mór na hÉireann i leabhair cosúil le Famine le Liam O’Flaherty, nó Under the Hawthorn Tree le Marita Conlon-McKenna, an bailéad Na Fataí Bána, an dán Quarantine le Eavan Boland nó sa scannán a léiríodh le déanaí, Black ‘47.

Léiríodh é freisin le blianta beaga anuas sa dealbhóireacht. Tá Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag Muraisc, Contae Mhaigh Eo agus Cuimhneachán an Ghorta Mhóir ag Cé Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath i measc dhá shampla shuntasacha.

Nuair a chuirtear é seo san áireamh, cuireann Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe fáilte roimh an deis 1845: Memento Mori le Paula Stokes a óstáil ag Teach Pháirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo. Cuireann suiteán Paula deis ar fáil dúinn go léir chun machnamh a dhéanamh ar an nGorta Mór, a thionchar ag an am sin agus ar ghné uilíoch a scéil. 

- Le Liam Doherty, Rannán Shaol na Tuaithe, Ard-Mhúsaem na hÉireann

[1] Crawford, Margaret E., ‘Food and Famine’ in The Great Irish Famine. The Thomas Davis Lecture Series, (eagarthóir: Póirtéir, C.), Corcaigh, 1995, lch 60

[2] Ó Gráda, C., Black ’47 and Beyond. The Great Irish Famine in History, Economy, and Memory, New Jersey, 1999,  lch 37

[3] Atlas of the Irish Revolution – Resources for Schools – Unit 1: The Great Irish Famine – A Short History, lch 4

[4] The Irish Famine – a documentary, Tóibín, C. & Ferriter, D., Londain, 2001, lch 168

[5] Chun teacht ar na samplaí seo agus ar shamplaí eile, féach The Irish Famine, Tóibín & Ferriter, leathanaigh 139, 192 agus 193. Chun teacht ar mheath an daonra i gContae Mhaigh Eo idir 1841 agus 1911, féach lch 189

[6] Póirtéir, C., Famine Echoes, Baile Átha Cliath, 1995, lch 3
[7] Bradshaw, B., ‘Nationalism and historical scholarship in modern Ireland’ in Irish Historical Studies, Imleabhar 26, Eagrán 104, leathanaigh 340-342

[8] Tóibín, Colm, ‘The Irish Famine’ in The Irish Famine – a documentary, Tóibín, C. & Ferriter, D., Londain, 2001, lch 10

Suíomh:


'1845: Memento Mori' le Paula Stokes suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Cuimhneachán ar an nGorta Mór é 1845: Memento Mori leis an ealaíontóir gloine Paula Stokes. Suiteán 1,845 práta gloine é a séideadh de láimh i gcuimhne ar Ghorta Mór na hÉireann.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Páirc Thurlaigh

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755