Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann suite i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, F23 HY31 - díreach 30 nóiméad ó roinn Mhaigh Eo de Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Uaireanta oscailte
- Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm
- Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm
- Dúnta Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin, agus Aoine an Chéasta
Conas teacht anseo
Tá sé éasca an músaem a shroicheadh ón N5 (Baile Átha Cliath go Cathair na Mart). Tá comharthaí in airde feadh an N5 sa dá threo. Tar éis duit an N5 a fhágáil, tiomáin go ceann cúig nóiméad agus beidh an tslí isteach sa Mhúsaem ar thaobh na láimhe clé. Geata iarainn agus dhá chrann brataí mhóra a bheidh romhat.
Na príomhbhóithre
-
Ó Cathair na Mart: N5. An fad, go garbh: 25km, turas 20 nóiméad
- Ó Bhaile Átha Cliath: N4, N5. An fad, go garbh: 240km, turas 3 uair an chloig
-
Ó Ghaillimh: N84, N5. An fad, go garbh: 80km, turas 1 uair an chloig
- Ó Shligeach: N17, N5. An fad, go garbh: 80km, turas 1 uair an chloig
-
Ó Luimneach: N18, N17, N60, N84, N5. An fad, go garbh: 170km, turas 2 uair an chloig
- Ó Chorcaigh: N20, N18, N17, N60, N84, N5. An fad, go garbh: 270km, turas 3.5 uair an chloig
-
Ó Bhéal Feirste: M1, A4, N16, N4, N17, N5. An fad, go garbh: 172 míle, turas 4 uair an chloig
-
Ó Aerfort Chnoc Mhuire: R376, N17, N5. An fad, go garbh: 40km, turas 30 nóiméad
- Ó Aerfort na Sionainne: N19, N18, N17, N60, N84, N5. An fad, go garbh: 160km, turas 2 uair an chloig
Iompar poiblí
There is a daily bus service connecting the National Museum at Turlough Park to Castlebar and Ballina. The 454 Route is operated by Mayo Local Link. Download the timetable from Mayo Local Link.
Gheofar slite agus amanna na dtraenacha ó Stáisiún Traenach Chaisleán an Bharraigh (+353 94 902 1222) agus ar www.irishrail.ie.
Páirceáil
Tá carrchlós mór ann, agus neart áiteanna ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas. Is féidir cairr a pháirceáil saor in aisce. Tá áiteanna tuirlingthe agus fillte díreach os comhair Theach Pháirc Thurlaigh do dhaoine atá ar bheagán gluaiseachta.
Áiseanna do chuairteoirí
-
Seomraí Scíthe
-
Ardaitheoirí
-
Seomra Cótaí
-
Leithris
-
Áiteanna suí
- Áiteanna do phicnic
Slí isteach do Chách
Tá teacht ar gach cuid den Mhúsaem ó chathaoir rotha agus tá ardaitheoir ann chuig gach urlár sna gailearaithe taispeántais. Faigh tuilleadh eolais
Íoslódáil ár Scéal Sóisialta le haghaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe. Cuireann an leabhrán seo a lán eolais agus íomhánna ar fáil chun cuidiú leat do chuairt ar an Músaem a phleanáil.