Scipeáil chuig ábhar

COVID-19: Eolas do Chuairteoirí


Tá ríméad ar Ard-Mhúsaem na hÉireann go n-athosclófar trí cinn dár Músaeim don phobal óna 1 a chlog Dé Luain, 10 Bealtaine 2021, de réir phlean an Rialtais Athléimneacht agus Téarnamh COVID-19 2021 agus an Prótacal faoi Shábháilteacht ag an Obair.

Ag oscailt ar a 1 a chlog, Dé Luain, 10 Bealtaine, 2021:

Beidh Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 dúnta i gcónaí don phobal chun gur féidir oibreacha leanúnacha a dhéanamh.

Níl aon rud níos tábhachtaí ná sláinte agus sábháilteacht ár gcuairteoirí agus ár mball foirne agus mar sin tá bearta nua tugtha isteach againn chun gur féidir le cuairteoirí filleadh ar ár músaeim go slán sábháilte.

Comhairle thábhachtach: Seiceáil suíomh gréasáin an Mhúsaeim roimh ré le bheith cinnte go bhfuil sé ar oscailt. Is féidir go n-athrófar an stádas seo gan mórán fógra de réir Athléimneacht agus Téarnamh COVID-19 2021
Mar a mhínítear i moltaí an Rialtais, tá AMÉ ag moladh do chuairteoirí an Aip Rianaire COVID-19 a íoslódáil. Beimid ag clárú sonraí teagmhála ár gcuairteoirí ar láithreacha nuair nach bhfuil córas áirithintí ann. Ní úsáidfear na sonraí sin ach amháin chun teagmhálaithe a rianú.


Roimh do chuairt...

AMÉ – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, BÁC 7

AMÉ – Saol na Tuaithe,  Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

AMÉ - Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
  • Dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt de bharr oibreacha leanúnacha.


Ní féidir leat cuairt a thabhairt orainn fós? Tá go leor acmhainní ar líne againn ionas gur féidir leat taitneamh a bhaint as cuairt fhíorúil ar ár Músaeim.


COVID-19: Bearta sláinte agus sábháilteachta

  • Tá treoirínte sábháilteachta do chuairteoirí i bhfeidhm ar gach láithreán poiblí.

  • Tá oiliúint sláinte agus sábháilteachta maidir le COVID-19 curtha ar gach ball dár bhfoireann tosach an tí.

  • Tá forálacha maidir le bheith scartha amach ó chéile i bhfeidhm ar gach láithreán poiblí.

  • Iarrtar ar chuairteoirí os cionn 13 masc aghaidhe a chaitheamh inár Músaeim.

  • Tá marc Chairt Sábháilteachta COVID-19 Fáilte Éireann bainte amach ag láithreáin ár Músaeim.

  • Is gá ticéad a chur in áirithe ag suíomhanna áirithe de AMÉ, chun gur féidir le daoine a bheith scartha amach.

  • Tá rianú teagmhálaithe i bhfeidhm ar láithreacha an Mhúsaeim.

  • Tá stáisiúin díghalraithe lámh ar fáil do chuairteoirí agus don fhoireann.

  • Tá córas aon slí tugtha isteach againn ar fud ár ngailearaithe

  • Mhéadaíomar ár ngnásanna glantacháin, a bhí dian go leor roimhe seo.

  • Bainisteoimid líon na gcuairteoirí de réir na dtreoirlínte sláinte agus sábháilteachta poiblí.

  • Is féidir go mbeidh gailearaithe/limistéir áirithe dúnta i gcónaí mura féidir daoine a scaradh amach ó chéile.

  • Iarraimid ar chuairteoirí cloí leis na treoirlínte faoi bheith scartha amach agus gan líon na ndaoine ceadaithe i ngailearaithe/limistéir áirithe a shárú.

  • Ní bheidh seomra na gcótaí ar oscailt mar sin ná tabhair clogad gluaisrothair, cás ná mála mór leat isteach sna gailearaithe taispeántais.


Ceisteanna Coitianta a bhíonn ag cuairteoirí

  1. Cad iad na suíomhanna Músaeim atá ar oscailt?

  2. Cad iad na huaireanta oscailte?

  3. An bhfuil gach gailearaí i ngach músaem ar oscailt?

  4. An gá dom áit a chur in áirithe ar líne?

  5. Cad é an tslí is fearr le taisteal chuig láithreáin an Mhúsaeim?

  6. An gá dom masc aghaidhe a chaitheamh?

  7. An féidir liom cuairt a thabhairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann má bhí mé lasmuigh den tír/má d’fhill mé ar Éirinn ó thír eile laistigh de 14 lá?

  8. Cad a dhéanfaidh mé má bhraithim breoite le linn mo chuairte?

  9. An féidir liom cuairt ghrúpa a dhéanamh?

  10. Tá spéis agam i gceardlanna agus in imeachtaí oideachais. An mbeidh siad seo ar fáil?

  11. An bhfuil an caife ar oscailt don phobal?

  12. An bhfuil siopaí an Mhúsaeim ar oscailt don phobal?

  13. Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais a fháil ar na réamhchúraimí sláinte agus sábháilteachta atá déanta ag an Músaem?

  14. Ba mhaith liom ceist a chur nó aiseolas a thabhairt tar éis cuairte. Cé hí nó cé hé an teagmhálaí?

  15. Ba mhaith liom an t-eolas is déanaí a fháil faoin Mhúsaem agus faoina chláir.


1. Cad iad na suíomhanna de AMÉ atá ar oscailt?
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe,  Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 (áirithint de dhíth)

Beidh Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, Sráid Merrion, Baile Átha Cliath 2, dúnta don phobal go dtí go dtabharfar fógra breise mar gheall ar oibreacha leanúnacha.

Comhairle thábhachtach: Seiceáil suíomh gréasáin an Mhúsaeim roimh ré le bheith cinnte go bhfuil sé ar oscailt. Is féidir go n-athrófar an stádas seo gan mórán fógra de réir Athléimneacht agus Téarnamh COVID-19 2021.


2. Cad iad na huaireanta oscailte?

Máirt go Satharn, 10am go 5pm, agus Domhnach go Luan, 1pm go 5pm.
Pleanáil do chuairt agus faigh amach níos mó faoin Mhúsaem


3. An bhfuil gach gailearaí i ngach músaem ar oscailt?

Ní bheidh na gailearaithe seo a leanas ar oscailt don phobal go ceann tamaill de bhrí go bhfuil an tsábháilteacht á méadú iontu agus oibreacha sceidealta tógála á ndéanamh:

  • Airgead ag AMÉ – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, BÁC 7

  • Tuí, Féar & Luachra  ag AMÉ – Saol na Tuaithe,  Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

  • Éire Mheánaoiseach and An Éigipt Ársa ag AMÉ - Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2


4. An gá dom áit a chur in áirithe ar líne?

Tá córas scuainíi ag Ard-Mhúsaem na hÉireann  chun dul isteach in AMÉ - Ealaíona Maisiúla agus Stair agus AMÉ - Saol na Tuaithe, mar sin ní gá áit a chur in áirithe.
Beidh ort ticéad saor in aisce a chur in áirithe ar líne roimh dhul chuig AMÉ – Seandálaíocht. Socraíodh é seo chun go mbeadh cuairt shlán shábháilte ag daoine ar an músaem seo. Beidh cuairteoirí in ann ticéad a chur in áirithe suas go 15 nóiméad roimh chuairt ag am ar leith, má tá áit ar fáil.
Molaimid do chuairteoirí a gcuairt a phleanáil ar gach ceann dár láithreacha ag amanna nach buaic-amanna iad.    


5. Cad é an tslí is fearr le láithreáin an Mhúsaeim a bhaint amach?

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar conas dul chuig an músaem agus na háiseanna páirceála (más ann dóibh) inár ranna eolais do chuairteoirí:

Cuir san áireamh i gcónaí nach bhfuil an oiread céanna spáis ar an gcóras iompair phoiblí agus a bhíodh. Tá racaí rothar ar gach ceann dár láithreáin mar ar féidir leat do rothar a ghlasáil.


6. An gá dom masc aghaidhe a chaitheamh?

Iarrtar ar chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh sa mhúsaem. Ní gá do leanaí faoi 13 clúdach aghaidhe a chaitheamh in áit ar bith.


7. An féidir liom cuairt a thabhairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann má bhí mé lasmuigh den tír/má d’fhill mé ar Éirinn ó thír eile laistigh de 14 lá?

Tá Ard-Mhusaem na hÉireann faoi threoir na comhairle is déanaí ón Rialtas maidir le sláinte phoiblí agus treoirlínte taistil COVID-19 ar an ábhar seo. Gheofar comhairle an Rialtais anseo. 

 


8. Cad a dhéanfaidh mé má bhraithim breoite le linn mo chuairte?

Féach chuige go bhfuil tú saor ó chomharthaí tinnis sula dtugann tú cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Má bhraitheann tú tinn le linn do chuairte, cuir ball foirne ar an eolas agus rachaimid in éineacht leat chuig ár seomra aonrúcháin COVID-19. Bí cinnte gurb é do shláinte agus do shábháilteacht ár bpríomhchúram.


9. An féidir liom cuairt ghrúpa a dhéanamh?

Teaghlach nó aonad sóisialta de sheisear, sin an líon daoine is mó a nglactar leo sa mhúsaem. Ní bheimid ag glacadh le háirithintí grúpa, ná le háirithintí grúpaí scoile, go dtí go mbeidh deireadh leis an ngá le scaradh sóisialta. Molaimid duit súil a choimeád ar shuíomh gréasáin an Mhúsaeim leis an scéala is déanaí a fháil, nó ríomhphost a sheoladh chuig bookings@museum.ie agus cuirfimid an scéala is déanaí ar fáil duit


10. Tá spéis agam i gceardlanna agus in imeachtaí oideachais. An mbeidh siad seo ar fáil?

Ní féidir turais oideachais, ceardlanna ná imeachtaí taobh istigh a reáchtáil faoi láthair de bharr an gá atá le scaradh sóisialta. Mar sin féin, tá tuilleadh acmhainní foghlama ar líne á gcruthú againn duit, lena n-áirítear acmhainní do scoileanna, bunaithe ar an gcuraclam. Is féidir é a phriontáil sa bhaile sula dtagann tú chun an Mhúsaeim. Brabhsáil ár n-acmhainní ar líne agus ár gcuairteanna fíorúla. Seiceáil ár suíomh gréasáin agus na meáin shóisialta go rialta chun an scéala is déanaí a fháil.


11. An bhfuil caiféanna an Mhúsaeim ar oscailt don phobal?

The Museum Café at the NMI - Country Life, Turlough Park, Castlebar, is closed from 6 September until 16 September to facilitate works. We apologise in advance for any inconvenience caused. 
Níl an caifé ar oscailt ag at AMÉ - Ealaíona Maisiúla & Stair nó ag AMÉ - Seandálaíocht.


12. An bhfuil siopaí an Mhúsaeim ar oscailt don phobal?

Beidh siopaí an Mhúsaeim ar oscailt ón 17 Bealtaine ag AMÉ - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo; AMÉ - Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2; agus ag AMÉ - Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7. Osclófar agus oibreofar na siopaí seo de réir threoirlínte an Rialtais in Athléimneacht agus Téarnamh COVID-19 2021. Tá Siopa Músaeim ar líne againn, freisin, mar ar féidir leat raon uathúil leabhar, ceardaíochta agus seodra a cheannach.


13. Ba mhaith tuilleadh eolais a fháil ar réamhchúraimí sláinte agus sábháilteachta sa Mhúsaem.

Gheofar tuilleadh eolais ar ár mbearta sábháilteachta do chuairteoirí anseo.


14. Ba mhaith liom ceist a chur nó aiseolas a thabhairt tar éis cuairte. Cé hí nó cé hé an teagmhálaí?

Is breá linn aiseolas a fháil ó chuairteoirí. Seol do thráchtaí agus do mholtaí chugainn ag marketing@museum.ie


15. Ba mhaith liom an t-eolas is déanaí a fháil faoin Mhúsaem agus faoina chláir.

Is féidir leat clárú dár nuachtlitir thíos chun gach scéala agus fógra faoin Ard-Mhúsaem a fháil.
 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions