Scipeáil chuig ábhar

Ceird agus Ceardaíocht

Ceird agus Ceardaíocht sa saol traidisiúnta

Ba iad lucht ceirde áitiúil a rinne formhór na troscáin agus fearas a fuarthas sa teach traidisiúnta ón 19ú haois.  D’fhoghlaim oibrithe ceardaíochta a scileanna trí phrintíseacht neamhfhoirmiúil de bheith ag faire, ag cuidiú agus ag foghlaim ó na glúnta níos sin. Ba é an gabha dubh áitiúil a dhéanadh a n-uirlisí go minic agus bhí an-mheas orthu agus tháinig siad anuas ó ghlúin go glúin.
Tháinig athrú ar an saol traidisiúnta sa 20ú haois. Tháinig an tarracóir in ionad an chapaill ar an bhfeirm. Tháinig deireadh le hobair an ghabha dhuibh áitiúil, an déantóra úmacha agus an ghabha stáin. Le Deilf, plaistigh agus cairtchlár a táirgeadh ina mórchuid cuireadh deireadh le ciseáin laethúla. Tháinig troscán a dhéantaí i monarchana ag baint úsáid as ábhair úra amhail sraithadhmad in ionad an troscáin thraidisiúnta.  Thosaigh daoine ag ceannach éadaí i siopaí níos mó agus níos mó in ionad éadaí a dhéantaí sa bhaile.

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions