Scipeáil chuig ábhar

Gealltanas na Nua-aimsearthachta

Fógra BSL, Woman's Way, Aibreán 1963. Íomhá: A bhuíochas le Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Woman's Way
 
Cuireadh slí úr mhaireachtála leictreach chun cinn i measc mhná na hÉireann trí nuachtáin, irisleabhair, fógraí raidió agus teilifíse, faoi thionchar theicnící fógraíochta Mheiriceá. Léirigh fógra ó BSL agus ó dhéantóirí fearas saol foirfe d’fhearais ghlana éifeachtacha agus cistineacha feistithe nua-aimseartha. Léiríodh an chistin fhoirne sa chuid mhór cistineacha agus tithe samplacha a dhear BSL, ag Seó Earraigh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus timpeall na tíre.
 
 
Léirigh na fógraí bean tí foirfe, a bhain sult as an obair tí, ach a bhí faiseanta agus cothrom le dáta i gcónaí.  Chuir siad obair tí i láthair, ní mar obair mhaslach, ach mar léiriú grá don teaghlach. Thug siad ról gníomhach d’fhir agus do bhuachaillí san obair tí, ach léirigh siad cailíní agus iad ag foghlaim ó bhí siad an-óg an dóigh le fearais tí a úsáid, ag buanú na ról inscneach sin.
 
 
Fógra Servis, Woman's Way, Meitheamh 1964. Íomhá: A bhuíochas le Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Woman's Way
 
Bhí díolacháin na bhfearas tí íseal i rith na 1950í, ach tháinig méadú orthu sna 1960í agus níos mó daoine ceangailte le heangach BSL. Tugadh creidiúint do bheartais eacnamaíocha Sheáin Lemass, an tAire Tionscail agus Tráchtála, agus níos déanaí, an Taoiseach, as geilleagar na hÉireann a nuachóiriú. Mar gheall air sin bhí sé níos fusa agus níos saoire fearais a allmhairiú isteach go hÉirinn ón mBreatain agus ón Eoraip.
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions