Scipeáil chuig ábhar

Ag Tacú le Pobail

Seisiún faisnéise BSL ar leictriú tuaithe, 1950í. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
D’oibrigh Oifig um Leictriú Tuaithe (REO) BSL le grúpaí pobail tuaithe chun glacadh an leictreachais ar fud cheantair thuaithe na hÉireann a chur chun cinn. Áiríodh orthu siúd Bantracht na Tíre (ICA), Muintir na Tíre agus Macra na Feirme. D’oibrigh an REO chomh maith leis an Roinn Talmhaíochta, Raidió Éireann agus, níos déanaí, Teilifís Éireann (cumascadh iad sin agus rinneadh Radio Teilifís Éireann (RTÉ) díobh in am trátha)
 
Bhí eagraithe agus taispeántóirí Ceantair BSL bunaithe i gceantair thuaithe, agus d’fhorbair siad líonraí láidre laistigh den phobal áitiúil. Bhíodh naisc chosmhuintire ann go minic idir baill foirne BSL, baill an ICA, cigirí na Roinne Talmhaíochta agus coistí paróiste. Chuidigh sé sin le hiarrachtaí a chomhordú maidir leis an leictreachas a chur chun cinn i measc na mban tuaithe, go háirithe ag mná tuaithe eile.
 
Éist le Seán Óg Flood ag labhairt faoin bpróiseas tithe a chlárú le haghaidh leictreachais i Muineachán:
Agallamh á chur ag Sorcha O’Brien ar Sheán Óg Flood, Cartlann BSL, Lúnasa 2018
 
Cuireadh tús leis an bpróiseas maidir le leictreachas a shuiteáil i gceantar le hEagraí Ceantair BSL ag tabhairt cuairt ar thithe chun na buntáistí a bhain leis an leictreachas a mhíniú agus chun teaghlaigh a chlárú leis an scéim. Bhí an próiseas cláraithe tacaithe ag cainteanna agus ag taispeántais i hallaí áitiúla, agus i veaineanna soghluaiste taispeántas. Dhéantaí coistí paróiste, lena n-áirítear an cléireach áitiúil, Caitliceach agus Protastúnach araon, a chruthú chun daoine a spreagadh le clárú.
 
Áiríodh ar theicnicí cur chun cinn taispeántais chócaireachta, cistineacha agus tithe samplacha, agus cúrsaí oiliúna san eolaíocht bhaile, chomh maith le seastáin taispeántas ag Seó Earraigh an RDS, Seó Talmhaíochta Chorcaí agus Seachtain Tuaithe Mhuintir na Tíre.
 
 
Ranganna san Eolaíocht Bhaile i gcistin Mary O'Leary, Drom Dhá Liag, Contae Chorcaí. Irisleabhar Prospect, Deireadh Fómhair 1962. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
Éist le Mary O’Leary ag cur síos ar na ranganna eolaíochta baile ina cistin úr i nDrom Dhá Liag, Contae Chorcaí, i ndeireadh an 1950í
Agallamh á chur ag Eleanor Calnan ar Mary O’Leary sa Sciobairín, Contae Chorcaí, Márta 2018

 

D’eisigh BSL a lán paimfléad ina míníodh na buntáistí a bhaineann leis an leictreachas ar an bhfeirm agus sa teach.  Ba ábhair oideachais a lán den ábhar sin, a bhí dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ábhair imní amhail ligean agus tinte sa tuí le faisnéis fhíriciúil faoi leictreachas agus an dóigh ar oibrigh sé.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions