Scipeáil chuig ábhar

Cur i Láthair don Bhailiúchán Óir

Fáiscín Óir Gúna

Ón uair a bunaíodh é in 1785, thug an tAcadamh mórán ama agus tiomantais do réada seandálaíochta ó Éirinn a bhailiú.

Ó aistríodh é in 1890 go dtí an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne (ar a dtugtar Ard-Mhúsaem na hÉireann anois) lean an bailiúchán ag fás le taiscí nua agus trí bhailiúcháin phríobháideacha a fháil.

Tugtar le tuiscint go rabhthas ar an eolas faoi fhoinsí mianaigh saibhre leis an méid ollmhór óir den Chré-umhaois ó Éirinn. Cé gur thángthas ar ór in Éirinn i suíomhanna éagsúla, go háirithe i gCo. Chill Mhantáin agus i gCo. Thír Eoghain, níor éirigh linn fós na foinsí ársa ina bhfuarthas ór a aithint.

Na suíomhanna is mó is dóigh a d’aithin agus a shaothraigh daoine réamhstairiúla ná sil-leagain ghláracha ó aibhneacha agus ó shruthanna. Tá an t-ór ‘plásair’ seo síonchaite ó mháthaircharraig agus is féidir é a fháil ag baint úsáide as teicnící simplí ar nós gairbhéal óir a scagadh.

San Eoraip, dátaíonn an fhianaise is luaithe ar órcheardaíocht ón gcúigiú mílaois RCh. Faoi dheireadh na tríú mílaoise bhí órcheardaíocht bunaithe go maith in Éirinn agus sa Bhreatain mar aon le tionscal copair agus umhaíochta ardtáirgiúil.

Cé nach bhfuil a fhios againn go beacht conas a fuair muintir na haoise neoilití déanaí in Éirinn taithí ar mhiotalóireacht, tá sé soiléir gur tugadh isteach mar theicníc lánforbartha í. Caithfidh gur daoine a raibh taithí acu cheana féin ag na leibhéil táirgeachta go léir, idir mhian a aithint agus a fháil síos tríd na céimeanna go léir den phróiseas déantúsaíochta, a thug na scileanna riachtanacha miotalóireachta seo isteach go hÉirinn.

Lean an bailiúchán ag fás ar feadh na 20ú hAoise. Nuair a thángthas ar mhuince óir in 1932 ag Gleann Insín, Co. an Chláir cuireadh réad tábhachtach eile leis an mbailiúchán agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin aimsíodh taiscí nua ar fud na tíre.

Fuarthas roinnt bailiúchán príobháideacha tábhachtacha freisin. Leis an taisce de bhoscaí, de dhioscaí agus d’fháiscíní éadaigh a fuarthas i mBaile na hEiscrí, Co. Loch Garman i mí Mheán Fómhair 1990 agus an Bailiúchán Northumberland a ceannaíodh i mí na Nollag 1990 saibhríodh na bailiúcháin náisiúnta go mórmhór.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions