Scipeáil chuig ábhar

Rudaí Móra le Feiceáil

Deich Rud Mhóra atá le Feiceáil ag Ealaíona Maisiúla & Stair

Cead isteach saor in aisce

1. Ailtireacht Mhíleata

Bhí Dún Uí Choileáin, an áit ina bhfuil Ard-Mhúsaem na hÉireann lonnaithe - na hEalaíona Maisiúla agus Stair, ina bhunáit de chuid an airm ar feadh thart ar 200 bliain sular athchóiríodh é lena úsáid mar mhúsaem. Tá an gréasán d’fhoirgnimh arda a bhfuil éadan cloch eibhir orthu i láithreán 18 n-acra agus tá cuma mhaorga mhíleata orthu fós. Tá an láithreán ainmnithe i ndiaidh Mhichíl Uí Choileáin, an chéad Ardcheannasaí ar Airm Shaorstát na hÉireann.

Leigh Nios mo

2. Eileen Gray

Buail le ceannródaí na hÉireann de dhearadh agus ailtireacht an 20ú hAois i dtaispeántas Eileen Gray. Fiosraigh an nua-aoiseachas trína dearadh taobh istigh agus troscán. Ná caill an Tábla Cróim agus an Chathaoir Neamhspleách.

Leigh Nios mo

3. Vása Chnoc an Fhuaráin

Déanta idir 1300 agus 1340 AD, tá cáil ar Vása Chnoc an Fhuaráin ar fud an domhain mar an píosa taifeadta is luaithe de phoirceallán a tháinig as an tSín go dtí an Eoraip. Agus é déanta de phoirceallán ceileadóin, rinneadh é thart ar 1300AD le linn Ríshliocht Yuan na Síne.

Leigh Nios mo

4. Rogha an Choimeádaí

Déan iniúchadh ar na hEalaíona Maisiúla agus Stair trí 25 earra speisialta a roghnaigh coimeádaithe ó Ard-Mhúsaem na hÉireann. Iarradh ar choimeádaithe earra a raibh suim acu ann a roghnú. Cé go dtaifeadtar garspriocanna tábhachtacha staire polaitiúla agus míleata ar chuid de na hearraí, is fianaise cuid eile díobh ar stíl mhaireachtála agus ar chreideamh ár sinsear.

Leigh Nios mo

5. Saighdiúirí agus Ceannairí

Sa taispeántas seo déantar stair mhíleata na hÉireann ó 1550 go dtí an 21ú haois a rianú. Taispeántar le déantáin bhunaidh, amhail Taipéis iontach Stokes, litreacha, macasamhlacha agus earraí idirghníomhacha an dóigh a ndeachaigh saighdiúireacht agus cogaí i bhfeidhm ar shaol mhuintir na hÉireann leis na céadta bliain anuas.

Leigh Nios mo

6. Bailiúchán Albert Bender

Tá bailiúchán ealaíne Áiseach thar a bheith tábhachtach a bhronn an fear gnó Meiriceánach Éireannach Albert Blender sna 1930í coinnithe sa mhúsaem. Is saothair Bhúdaíocha ealaíne de chuid na Síne, na Seapáine agus na Tibéide an formhór díobh.

Leigh Nios mo

7. An Asgard

Arna thógáil in 1905 ag Colin Archer, an t-ailtire cabhlaigh iomráiteach as an Iourua, bhí ról tábhachtach ag an Asgard i dtabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair in 1914. Tá sé ar taispeáint ag an Músaem ó bhí 2012 ann agus seasann sí mar shéadchomhartha do scil na mbuntógálaithe bunaidh agus don fhoireann chaomhantais, chomh maith le bheith ina mheabhrúchán ar eachtraí trioblóideacha 1914.

Leigh Nios mo

8. Gailearaí Airgead na hÉireann

Agus é ar cheann de bhailiúcháin airgead na hÉireann is mó ar domhain, rianaítear sa taispeántas seo forbairt cheird an ghabha ghil ó thús an 17ú hAois go dtí an lá inniu. Pléitear ann teacht chun cinn an deartha agus déantar iniúchadh ann ar mhianadóireacht, measúnacht agus ceardaíocht an mhiotail lómhair seo.

Leigh Nios mo

9. The Way We Wore

Feic na héadaí agus an seodra a bhíodh á chaitheadh in Éirinn ó na 1760í go dtí na 1960í. Cé go smaoiníonn go leor daoine fós ar ‘Éadaí Éireannacha’ mar na héadaí olla a chaití in iarthar na hÉireann, taispeántar sa taispeántas seo go ngléasadh formhór mhuintir na hÉireann, fiú na daoine a chaitheadh éadaí a dhéantaí go háitiúil, i stíleanna a bhí in iomaíocht le lucht leanta faisin hEorpa.

Leigh Nios mo

10. Téigh ag siopadóireacht agus lig do scíth

Glac sos ó chuairt a thabhairt ar Bhailiúcháin ollmhóra an Mhúsaeim le caife agus milseog nó bíodh lón agat sa Chaifé. Ansin tabhair cuairt ar Shiopa Bronntanais an Mhúsaeim chun féachaint ar leabhair, earraí ceardaíochta agus bronntanais uathúla Éireannacha.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444