Scipeáil chuig ábhar

Tithe traidisiúnta ó Bhailiúchán Líníochtaí Ailtireachta Shaol na nDaoine

Seo cuireadh uainn chun taitneamh a bhaint as taifead mealltach de thithe traidisiúnta Éireannacha, taifead nach bhfeictear go rómhinic.  

Gheofar thíos rogha pleananna urláir atá tarraingthe agus maisithe go hálainn, ingearchlónna, líníochtaí criáin agus uiscedhathanna de thithe ó Bhailiúchán Shaol na ndaoine de líníochtaí ailtireachta ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Cuir eolas ar na hábhair, ar an gceardaíocht agus ar shonraí dearaidh i dtithe a ndearnadh suirbhé orthu sna 1930í agus sna 1940í.
Saothar de chuid Åke Campbell (1891-1957) agus Albert Nilsson (Eskerod ar ball) (1904-1987) is ea na líníochtaí is luaithe. Scoláirí Sualannacha ab ea an bheirt a chuir spéis thar aon ní eile san ailtireacht thraidisiúnta agus ba iad na chéad daoine a rinne staidéar ar an teach traidisiúnta sna 1930í.  
I samhradh 1943, 1944 agus 1945 rinne mic léinn ón Scoil Ailtireachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, suirbhé ar thithe traidisiúnta i gcúig cinn de shráidbhailte ar an gcósta i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Lú, Phort Láirge agus Loch Garman. Thug úinéirí na dtithe cead don bheirt an taobh istigh agus an taobh amuigh de na tithe a thaifeadadh.  
Bhí Robin Walker, a tháinig chun bheith ina ailtire nua-aoiseach ar ball, i measc na mac léínn sin.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions