Scipeáil chuig ábhar

Ealaíontóir Cónaithe: Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023

From left: NMI - Archaeology, NMI - Decorative Arts & History, NMI - Natural History, NMI - Country Life

Is mian le hArd-Mhúsaem na hÉireann (AMÉ), i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, Ealaíontóir Cónaithe a fhostú le bheith ag obair leis an Músaem i 2021/2022.

Is é cuspóir uileghabhálach na scéime seo ná cuireadh a thabhairt d´ealaíontóirí a machnamh a dhéanamh faoi bhailiúcháin dhuine amháin as cúigear comhpháirtithe agus faoi théamaí Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Iarrtar ar ealaíontóirí bealaí nua agus samhlaíocha a chruthú chun an pobal a spreagadh le go mbeadh suim acu sna bailiúcháin seo. Ba chóir go mbeadh saothar nua samhlaíoch le fáil de thairbhe chomhoibriú an ealaíontóra lena rogha comhpháirtí.



Tá sé mar aidhm ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ealaíontóir a fhostú ar mian leis nó léi bheith ag obair ar tréimhse chónaitheachta chomhoibríoch agus phobalghníomhach thar thréimhse dhá bhliain mar a mbeidh siad ag comhchruthú saothair a bhfuil doimhneacht agus uaillmhian ag baint leis le pobail, agus spreagadh á fháil acu ó bhailiúcháin AMÉ agus ó na foirgnimh ina bhfuil siad lonnaithe, de réir mar a bhaineann siad le Deich mBliana na gCuimhneachán.

Cuspóirí AMÉ:

  • Cur ar chumas an ealaíontóra agus na bpobal sin a roinneann spéis nó áit comhoibriú fiúntach a bheith acu

  • Cinntiú go gcuireann an feabhas taca faoin bpróiseas comhoibríoch agus faoin saothar comhchruthaithe

  • Spreagadh a fháil ó na bailiúcháin, na taispeántais agus na foirgnimh

  • Cumhacht na n-ealaíon a iniúchadh mar fhoirm léirithe chruthaíoch le ceisteanna a chur faoin am atá caite agus leis an am atá caite a thuiscint

  • Cumhacht na rudaí a iniúchadh chun comhbhá a spreagadh le cúrsaí staire

  • Spás stiúideo a sholáthar don ealaíontóir le bheith ag obair ann agus le dul i dteagmháil le foireann AMÉ agus le pobail laistigh de threoirlínte agus de phrótacail COVID 19.

  • Bheith páirteach i measúnacht, i ndoiciméadú agus i roinnt an tionscadail  

Cuirfidh na prionsabail seo a leanas taca faoin gcleachtas ealaíon comhoibríoch agus pobalghníomhach seo:

  •  Meas ar a chéile agus muinín as a chéile i gcás gach duine atá páirteach

  • Úinéireacht ghrúpa an tsaothair a chruthaítear

  • Feabhas an phróisis agus an tsaothair a chomhchruthaítear

  • Am do chleachtas agus do mheasúnacht mhachnamhacha

  • Tiomantas do bheith ag tógáil caidreamh inbhuanaithe agus domhain le pobail

Tuilleadh eolais faoi chomóradh Dheich mBliana na gCuimhneachán ag AMÉ

Tá dea-theist ar AMÉ maidir le comóradh na tréimhse casta seo i stair na hÉireann. Ó bhí 2012 ann tá deiseanna tugtha againn le go mbeadh lucht féachana éagsúil in ann iniúchadh a dhéanamh ar agus ceisteanna a chur faoi pheirspictíochtaí nua agus bheith ag féachaint as an nua ar eachtraí staire a bhfuil seanaithne againn orthu agus a bhfuil baint acu leis an tréimhse thábhachtach seo inár stair.

Agus muid ag úsáid na mbailiúchán agus na dtaispeántas mar inspioráid, tá deiseanna cruthaithe againn le haghaidh dialóige idirghlúine agus idirchultúrtha agus tá fóraim bunaithe againn chun go mbeadh daoine in ann peirspictíochtaí agus scéalta a mhalartú lena chéile a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán. Tá sin déanta againn trí mheán cláir rannpháirtíochta an phobail a raibh mar chuid de tionscadail scoite agus raon imeachtaí, lena n-áirítear comhdhálacha, tréimhsí cónaitheachta ealaíontóirí, camchuairteanna, ceardlanna agus léirithe. Samplaí den mhéid sin ná na hacmhainní ar líne (Fógairt Phoblachta) agus taispeántais chomhchruthaithe (Ár nOidhreacht Éireannach). Gné lárnach den chlár seo ná fócas ar a bheith ag soláthar ardán do na guthanna sin nár chualathas fúthu riamh nó a ligeadh i ndearmad agus scéal Dheich mBliana na gCuimhneachán á insint.

Áirítear i measc na dtéamaí a ndéantar iniúchadh orthu inár gclár poiblí go dtí seo tionchar an chogaidh agus na coimhlinte ar shaol na ndaoine, ról na cuimhne agus oidhreacht na tréimhse seo inár stair.
Faoi láthair tá AMÉ ag pleanáil mórghailearaithe taispeántais Stair 20ú hAois na hÉireann, a sheolfar i 2023 ag AMÉ – Ealaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7. Déanfaidh na gailearaithe seo iniúchadh ar roinnt téamaí a bhaineann le stair pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch na hÉireann san 20ú hAois. Tá muid ag comhoibriú freisin le Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath Dánlann Hugh Lane i bhforbairt taispeántais (atá le hoscailt i Mí na Samhna 2021) bunaithe ar na himeachtaí a bhaineann le Síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh, 1921.
 

Tuilleadh eolais faoi ról rannpháirtíochta poiblí an Mhúsaeim agus faoin tslí ina mbímid ag comhoibriú lenár gcuid pobal

Tá caidrimh láidre forbartha againn lena lán pobal spéise agus áite thar na blianta agus tá súil againn bheith ag tógáil ar chuid de na caidrimh seo tríd an scéim chónaitheachta seo ag úsáid cineálacha nua agus nuálacha cur chuige sa chleachtas ealaíon pobalghníomhach agus comhoibríoch.

Cuirtear taca faoin obair a dhéanaimid le pobail, trí fhoireann fhoghlama agus rannpháirtíochta an Mhúsaeim, ag na príomhluachanna seo: cuimsitheacht shóisialta, úinéireacht, meas ar a chéile, muinín as a chéile agus tiomantas do chur chuige atá dírithe ar dhaoine mar a mbíonn sé mar aidhm againn caidrimh inbhuanaithe a thógáil le pobail agus na timpeallachtaí cearta foghlama a chruthú le haghaidh cleachtais nuálaigh agus dul i riosca.

Thar na blianta, spreagamar pobail agus lucht féachana agus grúpaí éagsúla le go mbeadh suim acu i gcláir idirghlúine agus idirchultúrtha chun a lán ábhar agus ceisteanna a léiriú a bhaineann le saol na ndaoine, lena n-áirítear Deich mBliana na gCuimhneachán; mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin comhléiríodh taispeántais, cláir imeachtaí agus tionscadail.

Bainisteoidh an fhoireann Oideachais an tionscadal Ealaíontóra Chónaithe ó chéim an choincheapa go dtí an cur i gcrích thar an tréimhse dhá bhliain.

Íoslódáil an fhoirm iarratais (Word 112kb)

The closing date for applications is 5pm, Friday, 19 March, 2021.


Faigh tuilleadh eolais faoi bhailiúcháin, faoi thaispeántais agus faoi fhoirgnimh AMÉ de réir mar a bhaineann siad le Deich mBliana na gCuimhneachán:
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions