Scipeáil chuig ábhar

Cumhacht na Cistine: Cuimhní Cinn ar an Leictriú Tuaithe Go dtí Eanáir 2021

Seanrudaí agus rudaí úra ag teacht le chéile ag taispeántas leictreach BSL, an Teampall Uachtarach, Contae Thiobraid Árainn, Iúil 1957. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
In Cumhacht na Cistine: déantar iniúchadh ar an stíl mhaireachtála a gealladh agus fíorshaol laethúil an leictrithe tuaithe agus an tionchar a bhí aige ar shaol mhná na hÉireann. Cé go mbíodh mná ag obair ar an bhfeirm agus in oifigí agus siopaí, cuimsíodh an tábhacht a bhain le ‘saol na mná sa bhaile’ i mBunreacht na hÉireann, 1937, agus cuireadh cosc ar mhná oibriú sa tseirbhís phoiblí leis an mbac pósta 1932. Rinneadh é sin a aisghairm in 1973 mar chuid d’athruithe dlíthiúla a tháinig isteach leis an dara ráig feimineachais agus iontráil na hÉireann i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE). Mar thoradh air sin, bhí eispéiris fhormhór na mban maidir leis an leictriú tuaithe sa bhaile, áit ina raibh an chistin lárnach don obair tí. Áirítear sa taispeántas seo guthanna na mban sin, agus iad ag insint a scéalta ina bhfocail féin.
 
Sna 1940í agus i dtús na 1950í ba thír í Éire a bhí cumhachtaithe den chuid ba mhó le hobair láimhe, ainmhithe tarraingthe, agus breoslaí iontaise amhail móin, adhmad agus gual, toisc b’annamh a bhíodh leictreachas ar fáil lasmuigh de bhailte agus de chathracha. Leis an leictriú tuaithe tháinig athruithe suntasacha ar an dóigh ar mhair agus ar oibrigh muintir na hÉireann. Chuir Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) tús le leictriú cheantair thuaithe na hÉireann in 1946, agus bhí an tionscadal ar siúl go dtí 1965, agus bhí codanna d’Éirinn nach raibh leictreachas ar fáil iontu go dtí na 1970í.
 
“Is cuimhin liom i gcónaí mo mháthair ag rá “táimid sna flaithis, caithfidh sé gurb é seo na flathis...mar gur bhain sé an sclábhaíocht as an obair chrua a bhíodh le déanamh ag daoine.” - Agallamh á chur ag Geraldine O’Connor ar Maureen Gavan, Cluain Eois, Contae Mhuineacháin, Feabhra 2017
 
Chuir cur i bhfeidhm an leictreachais dlús le próiseas nuachóirithe ina ndearnadh fearais leictreacha a shuiteáil i gcistineacha ar fud an Stáit. Gheall fógraí agus taispeántais stíl úr chomhaimseartha mhaireachtála do mhná na hÉireann, gan dúshlán a chur ar na róil inscne a bhí ann cheana.
 
Mar gheall go raibh fearais leictreacha ar fáil d’athraigh cistin na tuaithe go mall ón teallach thraidisiúnta go dtí cistin fheisithe na 1970í. D’oibrigh Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) agus grúpaí amhail Bantracht na Tíre (ICA) ar leibhéal cosmhuintire chun feabhas a chur ar cháilíocht ghnáthshaol laethúil na mban.
 
 Baill foirne BSL ag taispeáint fearais tí, Seachtain Tuaithe Mhuintir na Tíre, Muilinn gCearr, Contae Uíbh Fhailí, Bealtaine 1954. Íomhá: A bhuíochas do Chartlanna BSL
 
Bhí tionchar ag smaointe idirnáisiúnta faoin nua-aimsearthacht agus dul chun cinn ar shaol glúine ban a chonaic athrú suntasach ag teacht ar cheantair thuaithe na hÉireann le fiche bliain anuas. Tháinig na smaointe sin le gnásanna traidisiúnta agus róil inscne i gcistin na tuaithe, i gcás gur tháinig an fhantaisíocht leis an bhfírinne.
 
 Is é an taispeántas, arna fhorbairt ag an Músaem i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Kingston agus Comhairle na nEalaíon agus na nDaonnachtaí (AHRC), agus le tacaíocht ó BSL, Irish Farmer's Journal, Aosacht agus Deiseanna, agus GMIT Leitir Fraic, an taispeántas sealadach suaitheanta ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Tír Life tháinig an bliana.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions